File, úrscéalaí, gearrscéalaí as an mBolaiv ab ea Jaime Sáenz Guzmán (29 Deireadh Fómhair 1921 – 16 Lúnasa 1986). Tháinig sé chun saoil i gcathair La Paz, agus is ann a mhair sé ar feadh a shaoil ar fad, agus bhí tionchar cumhachtach ag topagrafaíocht gharbh agus aeráid ghéar na cathrach Aindéisí ar go leor dá shaothar. Feictear roinnt cosúlachtaí idir a chuid filíochta agus filíocht osréalaíocha, cé go bhfuil a chuid filíochta uathúil agus mar sin ábhairín deacair le rangú.
I rith a shaoil, streachail Sáenz leis an alcólachas, agus is minic a scríobh sé faoin streachailt sin ina dhánta. Dá réir sin, breathnaítear air go minic mar shaghas poète maudit, nó “file mallaithe”. Bhí Sáenz déghnéasach go hoscailte agus gan náire.
Arna chur ar fáil ag Vicipéid