Torthaí cuardaigh - Pol Pot

Pol Pot

Ba é Pol Pot (19 Bealtaine, 1928 - 15 Aibreán, 1998), nó ''Saloth Sar'', mar a bhí air ar dtús, deachtóir Cumannach na Cambóide sna seachtóidí. Ba eisean príomh-aire na tíre, agus é i gceannas ar na Ciméaraigh Dhearga, a chuir timpeall trí mhilliún duine chun báis a fhad is a d'fhan siad ag rialú na tíre. Sa bhliain 1979, cuireadh an ruaig orthu nuair a d'éirigh ina chogadh idir Vítneam agus an Chambóid.

Glactar leis gur giorrúchán é an t-ainm sin ''Pol Pot'' de na focail Fhraincise ''politique potentielle'', a thagraíonn don chumhacht pholaitiúil. Meastar go bhfuil Pol Pot ar dhuine den chúigear slua-mharfóirí is measa i stair an chine dhaonna, nó nuair a bhí sé ag rialú a thíre, fuair duine as gach triúr bás de dheasca na bpolasaithe a bhí i bhfeidhm aige - aslonnú an daonra ó na cathracha go dtí an tuath agus pionós báis don fhreasúra.

Ní bhfuair Pol Pot féin aon phionós as a chuid coireanna, nó shíothlaigh sé istigh sa dufair, áit a raibh sé ar a sheachnadh ó lámh an dlí is an chirt. Arna chur ar fáil ag Vicipéid
  • 1 - 1 toradh as 1 á dtaispeáint
Beachtaigh na torthaí
  1. 1

    Genocide in Cambodia documents from the trial of Pol Pot and Ieng Sary / de réir Pol Pot

    Foilsithe / Cruthaithe 2000
    An electronic book accessible through the World Wide Web; click to view
    Leictreonach Ríomhleabhar