Torthaí cuardaigh - McCarthy, Michael
Michael McCarthy
Is polaiteoir Éireannach agus Teachta Dála do cheantar Chorcaigh Thiar-Theas é Michael McCarthy (Gaeilge: ''Mícheál Mac Cárthaigh'') (rugadh é ar 15 Samhain 1976).Tá sé ina bhall de Pháirtí an Lucht Oibre agus bhí sé ina TD 2011-2016. Iarbhall de Sheanad Éireann é agus céadthoghadh chuig an oifig sin sa bhliain 2002 é, agus atoghadh é in 2007 ar phainéal an Lucht Oibre.
Is as Dúnmaonmhuí in iarthar Chorcaí dó ó dhúchas, agus leag sé cos ar thairseach na polaitíochta i gcéaduair in aois a 22 bliana trí shuíochán a ghnóthú ar son Pháirtí an Lucht Oibre ar Chomhairle Chontae Chorcaí i limistéar toghcháin an Sciobairín.
Sheas sé san Olltoghchán 2016, ach chaill sé a shuíochán. Arna chur ar fáil ag Vicipéid