Torthaí cuardaigh - Gell-Mann, Murray

Murray Gell-Mann

Fisiceoir teoiriciúil a rugadh i Nua-Eabhrac ab ea Murray Gell-Mann (15 Meán Fómhair 1929 - 24 Bealtaine 2019). I 1953 thug sé isteach coincheap an choimhthís, uimhir chandamach nua is gá a imchoimeád in aon idirghníomhú núicléach láidir idir buncháithníní. Bhain sé feidhm as an gcoimhthíos —mar a rinne Yuval Ne'eman, neamhspleách air — chun méasóin, núicléóin (prótóin is neodróin) agus hipearóin a rangú. Bhí siad in ann réamhinsintí a dhéanamh maidir le núicléis, ar an dóigh chéanna a ndearna Dmitri Mendeleev maidir leis na dúile le clár peiriadach na ndúl. Réamhinis sé an cáithnín óimige-míneas (ω-), agus braitheadh i dturgnaimh é i 1964. Le George Zweig, thug sé isteach coincheap an chuairc, gach ceann le trian de lucht an leictreoin agus uimhir baróin ar leith. 6 chuarc a réamhinis siad: íoschuarc, uaschuarc, cuarc coimhthíoch, briochtchuarc, bunchuarc, is barrchuarc. Bhuaigh sé Duais Nobel na Fisice i 1969 as seo. Arna chur ar fáil ag Vicipéid
  • 1 - 2 toradh as 2 á dtaispeáint
Beachtaigh na torthaí
  1. 1

    Murray Gell-Mann selected papers / de réir Gell-Mann, Murray

    Foilsithe / Cruthaithe 2010
    An electronic book accessible through the World Wide Web; click to view
    Leictreonach Ríomhleabhar
  2. 2

    Proceedings of the Conference in Honour of Murray Gell-Mann's 80th Birthday quantum mechanics, elementary particles, quantum cosmology and complexity, Nanyang Technological Univers...

    Foilsithe / Cruthaithe 2011
    Rannpháirtithe: “…Gell-Mann, Murray…”
    An electronic book accessible through the World Wide Web; click to view
    Leictreonach Imeacht comhdhála Ríomhleabhar