Torthaí cuardaigh - European Space Agency
Gníomhaireacht Spáis na hEorpa
Gníomhaireacht chomhoibrithe spáis (''ESA'' i mBéarla) ina bhfuil 22 tír Eorpach (an Bheilg, an Danmhairg, an Eastóin, an Eilvéis, an Fhionlainn, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Ghréig, an Iodáil, an Iorua, an Ísiltír, an Ostair, an Pholainn, an Phortaingéil, an Ríocht Aontaithe, an Rómáin, an Spáinn, an tSeic, an tSualainn, an Ungáir, Éire, Lucsamburg) atá dírithe ar thaighde, teicneolaíocht agus feidhmeanna síochánta spáis.Déantar bainistíocht ar gach a bhaineann le spásárthaigh i nDarmstadt na Gearmáine, agus déantar na lainseálacha le roicéid Ariane ó Kourou i nGuáin na Fraince. Tá lárionad ESA i bPáras.
Comhoibríonn sí le tíortha eile ó am go chéile, Ceanada mar shampla. Arna chur ar fáil ag Vicipéid