Torthaí cuardaigh - Assange, Julian
Julian Assange
Iriseoir agus gníomhaí Idirlín is ea Julian Paul Assange (a rugadh ar an 3 Iúil, 1971). Tá aithne níos fearr air mar urlabhraí agus príomheagarthóir WikiLeaks, láithreán gréasáin sceithireachta. An fhírinne lom a chur i láthair a bhí mar aidhm ag Assange ach tharraing sé conspóid i gcónaí: "spiaireacht" a thug na Meiriceánaigh ar a chuid oibre ach scúpanna a thug na meáin chumarsáide ar na scéalta a sceith sé agus ar bhain siad leas go fonnmhar astu.Bhí Assange sáinnithe i Londain idir 2012 - 2024 ag iarraidh eiseachadadh a sheachaint. Chaith sé seacht mbliana in Ambasáid Eacuadór i Londain agus cúig bhliain coinnithe faoi ghaibhniú aonair i bpríosún ardslándála Belmarsh. Bhí Rialtas na Stát Aontaithe ag iarraidh an dlí a chur air faoi spiaireacht agus ag iarraidh go n-eiseachadfaí Assange chun na Stát Aontaithe. Tá Assange ina chónaí anois san Astráil, a thír dúchais. clé|mion|Nollaig 2009., comhdháil 26C3 clé|mion|2010 clé|mion|2012 clé|mion|físchomhdháil, 2015 clé|mion|agóid i Londain, 2021 Arna chur ar fáil ag Vicipéid